top of page

A Neansaí 'Mhíle Grá (traid.)
 

A Neansaí 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál,
Go bhfeice mise an t-adh 'gus an séan ort!
Ba ghile do dhá lámh, ná cúr geal na trá,

Ná 'n eala 's í a' snámh ar an Éirne.


Is glaise liom do shúil, ná braon beag den drúcht,
Is binne liomsa tú ná na téadaí;
'S mura n-éalaí tusa liomsa, titfidh mé i lionn dubh,
'Gus cuirfear in sa chill, 'do dhéidh mé.

Is iomaí sin guth mná, a chluinimse 'ngach aird,
Abhus agus taobh thall den Éirne.
Go Corcaigh na gCuan, 's go Béal Áth' na Slua,
'Sí Neansaí 'thug an bua ar an méid sin.


A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é 'r saol
Dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún,
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.

03 A Neansai
00:00 / 02:54

Nancy, my love, beautiful woman without blemish.
May luck and fortune accompany you.
Your hands are whiter than the foam on the beach
Or than the swan that swims on the Erne River.
Your eyes are more beautiful than a dewdrop
And your voice sounds prettier than harpstrings
And if you don't run away with me, life will be over
And because of you, they will bury me.

I hear the voices of many women everywhere 
Here, there and on the other side of the Erne River
Even Cork with its ports and the city Ballinasloe
Nancy is the most beautiful of all of them
Oh Mary and my God, wouldn't we live well
If we could both be together?
On a nice, peaceful afternoon, my beloved and I
Whispering things to us on the deserted plateau.

bottom of page